
Súil Siar ar Scannáin Dobharchú 1992 - 2022
Be the first to donate
Inspire others and help Coiste Forbartha build momentum.
1st donor
Seolfaidh Cartlann TG4 an taispeántas físe Súil Siar ar Scannáin Dobharchú 1992 - 2022 in Amharclann Ghaoth Dobhair Déardaoin an 20ú Lúnasa 2026 chun comóradh a dhéanamh ar shaothar ealaíonta an léiritheora teilifíse Máirín Seoighe a bhásaigh sa bhliain 2022. Ar feadh beagnach tríocha bliain trína comhlacht léiriúcháin Scannáin Dobharchú, léirigh Máirín an iliomad sraitheanna agus clár do TG4, ina measc na sraitheanna Ceol Cois Locha, Ceol na nOileán, Flosc, Imircigh Ban agus Labhair Linn agus cláir fhaisnéise ar nós Frankie, Clann as Dobhar, An Swilly, Mo Honda Beag Dearg, Mo High Nelly Álainn agus a lán eile.
Chomh maith leis an taispeántas físe, taispeánfar míreanna ón chlár Clann as Dobhar faoin ghrúpa cáiliúil Clannad agus scothrogha ón tsraith Ceol Cois Locha a taifeadadh in Ionad Cois Locha, Dún Lúiche sna nócháidí.
Cuirfear tús leis an ócáid ar 6.45 pm agus beidh fáilte roimh an phobal. Rachaidh cibé síntiúis a bhaileofar ar an oíche chun sochair do Choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.
***************
Remembering Scannáin Dobharchú 1992 - 2022
(In aid of Donegal Cancer Flights and Services)
Cartlann TG4 will launch the showreel Súil Siar ar Scannáin Dobharchú 1992 - 2022 in Amharclann Ghaoth Dobhair on Thursday 20th August to commemorate the work of the television producer Máirín Seoighe who passed away in 2022. For almost thirty years, through her production company Scannáin Dobharchú, Máirín produced a vast range of acclaimed series and documentaries for TG4. These included the series Ceol Cois Locha, Ceol na nOileán, Flosc, Imircigh Ban and Labhair Linn, and individual programmes such as Frankie, Clann as Dobhar, An Swilly, Mo Honda Beag Dearg and Mo High Nelly Álainn.
In addition to the showreel, there will be a screening of excerpts from the programme Clann as Dobhar about the internationally renowned group Clannad and highlights from Ceol Cois Locha which was filmed in Ionad Cois Locha in the 1990s.
The event will commence at 6.45 pm and all are welcome. Donations to Donegal Cancer Flights and Services will be gratefully accepted.
Organizer
Coiste Forbartha Dhobhair
Organizer
E
Eitiltí & Seirbhísí Ailse Dhún na nGall
Beneficiary
