
Aththógáil Teach Pobail Mhuire - Help Rebuild Our Church
Maidin Domhnach Cásca chruinnigh pobal Ghaoth Dobhair le chéile, i gcuideachta cairde agus cuairteoirí go dtí an cheantair, i dTeach Pobail a bhí lán go doras, le ceiliúradh lúcháireach a dhéanamh ar shearmanais na Cásca agus aiséirí Chríost.
Ar an drochuair, tá ár bpobal faoi ultach trom bróin. Tá Teach Pobail galánta s’againn, Teach Pobail Mhuire, Doirí Beaga dóite go talamh. Is eachtra thar a bheith tragóideach agus corraitheach ar fad é seo, a chur saighead fríd chroílár an phobail. Ní amháin gur láthair adhartha a bhí san Teach Pobail álainn seo againne, ach tearmann solais, beatha agus grá, tacaíocht, aontacht agus dóchas do idir leanbh ‘s liath.
Tá teacht aniar láidir ionainn mar phobal agus seasóidh muid le chéile, gualainn ar ghualainn in am seo an bhróin agus na tragóide. Dhéanfar aththógáil ar an Teach Pobal álainn seo le cuidiú uaibhse, le go mbeidh dóchas athnuaithe, todhchaí níos gile againn féin agus ár gcairde fa Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair.
**********************
Easter Sunday the Parish of Gaoth Dobhair, along with many friends and visitors to our community, gathered in a church full to capacity to joyfully celebrate with hope the Easter liturgies of the Resurrection.
Sadly our parish is in mourning. Our beloved Church, St. Mary’s in Derrybeg burned to the ground in the early hours of the Easter Monday morning. This is a deeply tragic event that strikes at the heart of our community. Our beautiful Church was not only a place of worship, but also a centre of light, life and love, of support, unity and hope for many.
We are a resilient community and will stand together to support one another in this moment of deep grief and sorrow. We are asking for your help to rebuild our Church with a renewed hope for a brighter future. Any support big or small is greatly appreciated.
Organizer
Mary Coyle
Organizer
County Donegal
Coiste Forbartha Dhobair Cuideachta Faoi Theorainn Ráthaíochta
Beneficiary