- R
- E
- E

Seomraí do Naíonra Garbháin agus An tSeirbhís Iarscoile
0% complete
€10,560 raised of
161 donations
Bunaíodh Naíonra Garbháin, suite ar thalamh Scoil Gharbháin, sa bhliain 1981. Táimid tar éis dul ó neart go neart le daichead bliain anuas. Cuireann Naíonra Garbháin seirbhísí réamhscoile ar fáil gach lá. Chomh maith leis sin, cuirimid seirbhís bhreise ar fáil do pháistí réamhscoile atá ag freastal ar an Naíonra: Club Bricfeasta ó 8am go 8.50am agus Iarseisiúin ó 12pm go 2pm. Úsáideann daltaí Scoil Gharbháin foirgneamh an Naíonra chomh maith dá Seirbhís Iarscoile, ó 2pm go 5.30pm. Cuireann sé seo cúram atá go mór de dhíth, agus a bhfuil an-tóir air, ar fáil do thart ar 118 dalta scoile de chuid Scoil Gharbháin tar éis uaireanta scoile. Is seirbhísí cúraim leanaí pobail, neamhbhrabúsacha iad an Naíonra agus an tSeirbhís Iarscoile araon.
Naíonra Garbháin, located on the grounds of Scoil Gharbháin, was established in 1981. We have gone from strength to strength over the last four decades. Naíonra Garbháin provides a pre-school service, as well extra services to children attending the Naíonra, a Breakfast club 8am – 8.50am and After school 12pm – 2pm. The Naíonra building is also used by pupils of Scoil Gharbháin, for its growing After-School Service from 2pm until 5.30pm providing much needed and highly sought after care to approximately 118 school going children of Scoil Gharbháin after school hours. Both the Naíonra and the After-School Service are not-for-profit, community childcare services.
Sa lá atá inniu ann, tá an t-éileamh ar áiteanna ag méadú go tapa sa Naíonra, i Scoil Gharbháin agus sa tSeirbhís Iarscoile. Faraor, tá Naíonra Garbháin agus an tSeirbhís Iarscoile ag feidhmiú ag lánacmhainn anois, agus tá liostaí feithimh ann don scoilbhliain 2026/2027.
Today, demand for places continues to grow rapidly across the Naíonra, Scoil Gharbháin and the After School Service. Unfortunately, Naíonra Garbháin and the After-School Service are now operating at full capacity with waiting lists for the 2026/2027 school year.
Tá talamh ceannaithe ag an Naíonra ó Choláiste Aguistín. Tá sé beartaithe againn síneadh a chur leis an bhfoirgneamh reatha, ina mbeidh dhá sheomra breise, ar an talamh seo. Tabharfaidh sé seo deis dúinn freastal ar riachtanais mhéadaitheacha ár bpobail, idir páistí réamhscoile agus daltaí d’aois bunscoile. Chun go mbeidh an tionscadal sínte seo in ann dul ar aghaidh, beidh ar Naíonra Garbháin agus ar an tSeirbhís Iarscoile an t-airgead a bhailiú. Beidh ról ríthábhachtach ag bhur dtacaíocht leanúnach chun cabhrú linn an sprioc seo a bhaint amach. Cinnteoidh sé go mbeimid in ann oideachas réamhscoile trí mheán na Gaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht, agus leanúint den chúram do leanaí scoile inár Seirbhís Iarscoile.
The Naíonra has purchased land behind our current building from our neighbouring school, St. Augustine’s College. We plan to develop an extension to our current building, comprising 2 extra rooms, allowing us to meet the growing needs of our community, both pre-school and primary school aged children. For this extension project to proceed, Naíonra Garbháin and the After-school Service (Iar Scoil) will need to raise the funds. Your continued support will play a vital role in helping us achieve this goal and ensuring that we can provide high-quality Irish-Medium early childhood education for future generations and continue the care of school going children in our After School Service.
Tacóidh aon ranníocaíocht, mór nó beag, go mór linn ar an turas seo. Cabhróidh sé linn oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do pháistí réamhscoile sa phobal áitiúil, agus cúram iarscoile a chur ar fáil do phobal Scoil Gharbháin laistigh dá dtimpeallacht scoile féin.
Any contribution, big or small, will greatly support us on our extension journey to provide our local community, present and future, an education through the medium of Irish, in a high quality service, and provide the parents of our school community with after school care in their school environment.
Go raibh maith agaibh as bhur gcuid ama, agus bhur dtacaíocht leanúnach.
Thank you for your time, consideration, and ongoing support.
Foireann Naíonra Garbháin agus An Seirbhís Iarscoile
