Dia dhaoibh, a chairde,
Tá tús curtha againn leis an bhfeachtas bailithe airgid seo le grá agus le dóchas ar son ár gcol ceathrar iontach, Fionnuala.
Is bean bríomhar, spraíúil í Fionnuala atá 37 mbliana d’aois, máthair triúr clainne, Sadhbh, Fionn agus Aghna, bean chéile Ghearóid agus múinteoir bunscoile an-ghrámhar i Scoil Náisiúnta na Ceathrún Rua. Tá sí ag tabhairt aghaidhe ar dhúshlán sláinte ollmhór. I mí na Nollag 2022 fuair sí diagnóis go raibh ailse uirthi, ailse cholaireicteach ar dtús, tar éis di siomptómaí a bheith uirthi le linn di a bheith ag iompar clainne. Thaispeáin scanáin i mí Eanáir 2023 go raibh sé scaipthe chuig na nóid limfe ina pléascán. Le neart agus spiorad, throid Fionnuala go crua agus go cróga agus fuair sí an scéal iontach i mí Aibreáin 2023 go raibh sí saor ón ailse.
Faraor, níos déanaí in 2023, tháinig an ailse ar ais chuig a pléascán. Arís eile, chuaigh Fionnuala faoi obráid agus faoi chóireáil go cróga cródheartha, agus tháinig scanán ar ais glan i mí Eanáir 2024. Ach, thóg an troid gan trócaire seo casadh deacair eile an samhradh seo nuair a tháinig an ailse ar ais, agus an uair seo tá sé scaipthe go leor áiteanna agus níl aon rogha eile aici ach cóireáil dian eile a fháil. Tá Fionnuala anois ag tabhairt a haghaidh go cróga air seo.
Úsáidfear an t-airgead a bhailítear tríd an bhfeachtas seo chun:
Cabhrú le costais mhaireachtála riachtanacha agus costais leighis nach gclúdaítear I mbealaí eile; agus
Deis a thabhairt do Fhionnuala agus dá muintir laethanta speisialta a chaitheamh le chéile.
Ba mhór againn aon tacaíocht gur féidir libh a thabhairt agus iarraimid oraibh an leathanach seo a roinnt go forleathan. Thaispeáin Fionnuala grá, neart agus flaithiúlacht do dhaoine i gcónaí, iarraimid oraibh an rud céanna a dhéanamh di anois. Tabharfaidh bhur gcineáltas tacaíocht phraiticiúil thar a bheith luachmhar di agus le cúnamh Dé tabharfaidh sé deis di am speisialta a chaitheamh lena clann.
Go raibh míle maith agaibh as bhur ngrá, bhur bpaidreacha agus bhur bhflaithiúlacht, táimid fíorbhuíoch.
Geroldine agus Monica
Hi everyone,
We're reaching out to you with love and hope for our incredible cousin, Fionnuala.
Fionnuala, a vibrant 37-year-old mother of three, Sadhbh, Fionn agus Aghna, wife to Gerard and a much-loved primary school teacher at Carraroe Primary School, has been facing an immense health challenge. Her journey began in December 2022 when she was diagnosed with cancer, initially colorectal, after experiencing symptoms during her pregnancy. Scans in January 2023 revealed it had spread to lymph nodes in her groin. With characteristic strength, Fionnuala fought hard and received the wonderful news of being cancer-free in April 2023.
Sadly, later in 2023, the cancer returned to her groin. Once again, Fionnuala faced surgery and treatment head-on, bravely achieving another clear scan in January 2024. However, this relentless battle took another difficult turn this summer when the cancer returned, this time affecting multiple areas. Fionnuala is now courageously facing this significant recurrence and undergoing further intensive treatment.
Our Goal: Creating Memories & Easing Burdens
Fionnuala's greatest joys are her three beautiful children. Her unwavering focus is on them and creating as many happy moments together as possible amidst her ongoing treatment.
Funds raised through this campaign will be used to:
· Help cover essential living costs and medical expenses not covered elsewhere; and
· Enable Fionnuala and her family to experience special moments together.
Please consider donating and sharing this page as widely as possible. Let's surround Fionnuala with the same love, strength and generosity she consistently shows to others. Your kindness will provide invaluable practical support and the precious gift of cherished family time.
Thank you from the bottom of our hearts for your love, prayers, and generosity.
With immense gratitude,
Geroldine and Monica
Organizer
Geroldine Gannon
Organizer

