Maratón Nua-Eabhrac (Cumann Ailse na hÉireann)
Beidh mé ag rith i Maratón Nua-Eabhrac ag deireadh na bliana seo ar son Chumann Ailse na hÉireann. Tá súil agam breis agus €5,000 a bhailiú don Chumann iontach a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine cosúil le m'athair a d'fhulaing le hailse ar feadh i bhfad, do mo leithéidse atá fós ag fulaingt ina dhiaidh, agus a chuireann dóchas ar fáil dúinn uilig gur féidir an ceann is fearr a fháil ar an ngalar gránna seo. Beidh an rás ar siúl ar an 3 Samhain 2019, agus tá an traenáil tosaithe cheana féin agam. Féadfaidh sibh mé a leanacht ar Strava más spéis libh agus ar ndóigh beidh mé ar na meáin shóisialta i gcaitheamh na bliana. Anuraidh, bhailigh mé €3,000+ don Chumann agus caitheadh an t-airgead sin ar thaighde in aghaidh na hailse. I mbliana, beidh an t-airgead ag dul do dhaoine atá ag fulaingt i láthair na huaire. Beidh mé fíorbhuíoch as an cent rua féin.
I'll be running the New York Marathon at the end of the year for the Irish Cancer Society. I hope to raise over €5,000 for this great Society who support people like my Dad who suffered for a long time with cancer, for people like me who are still suffering after he's gone, and that gives us all hope that we can beat that terrible disease. The race will be on on the 3 November 2019, and I've begun training already. You can follow me on Strava if you like, and I'll be on social media throughout the year too, of course. Last year, I raise over €3,000 for the society and the money was spent on research against cancer. This year this money will go to people already suffering. I'll be very grateful for a single cent donation.