Main fundraiser photo

Ó Conghaile Family

Donation protected
Mar a chuala go leor agaibh faoin tráth seo, tá an páiste is óige acu caillte ag Brenda & Máirtín Ó Conghaile – a n-iníon, Eimear, agus gan í ach aon bhliain déag d’aois. Tá an t-aon deirfiúr a bhí acu caillte ag Liam, Eoin, David & Luke. Aireoidh a muintir uathu go mór í, mar a aireos chuile dhuine a raibh aithne acu uirthi. Ní dhéanfar dearmad go brách ar an ngrá a thug Eimear dóibh ná ar an ríméad a chuir sí orthu. Ba charachtar speisialta í Eimear agus pearsantacht mhór aici. Tá a muintir agus a cairde ar fad cráite croíbhriste agus níl cur síos ar an mbrón agus an doilíos croí atá orainn agus muid ag cuimhneamh orthu. Go dtuga Dia cúnamh dóibh sa tréimhse dhorcha seo ina saol.
Nuair a fhaigheann páiste bás gan choinne, is buille uafásach é nach féidir a shamhlú ná ullmhú lena aghaidh. Níor cheart go mbeadh ar aon duine cuimhneamh ar chúrsaí airgid ná imní a dhéanamh faoi chostais nuair a tharlaíonn a leithéidí seo. Tá cuid agaibh tar éis teagmháil a dhéanamh le CLG An Spidéal agus d’fhiafraigh sibh cén chaoi a bhféadfadh sibh cúnamh a thabhairt. Bhí costais ar an teaghlach le mí anuas agus Eimear tinn san ospidéal, agus beidh costais bhreise anois orthu agus Eimear le tabhairt abhaile as Sasana go dtí an Spidéal agus costais na sochraide le seasamh. Tá muid tar éis an GoFundMe seo a bhunú chun ciste airgid a bhailiú leis na costais sin a ghlanadh. Beidh an-fháilte roimh shíntiús, bíodh sé mór nó beag. Tabharfar an t-airgead uile a bhaileofar don teaghlach ar mhaithe leis na costais mhóra sin a ghlanadh; fuílleach airgid ar bith a bheas ann, deonófar é do charthanas a roghnós an teaghlach féin. Is dóigh linn go mbainfidh sé seo cuid den ualach díobh ionas go mbeidh siad in ann díriú ar Eimear a chaoineadh. Táimid buíoch díot as cúnamh ar bith is féidir leat a thabhairt.
 
As many of you have heard, Brenda & Máirtín Ó Conghaile have tragically lost their youngest child, Eimear, at only 11 years young. Liam, Eoin, David & Luke have lost their only sister. She will be sorely missed by her family and everyone who knew her. The love and joy that Eimear brought to them and everyone that knew her will never be forgotten. Eimear was a true character with a big personality. Her entire family and friends are devastated and truly heart broken and no amount of words can express how our hearts are breaking for them. We hope they are able to find their strength during a dark time like this.
The unexpected death of a child is an unimaginable loss that no one could prepare for. No one should have to think and worry about expenses at a time like this. Some of you have reached out to C.L.G. An Spidéal and asked how you can help. We have set up this GoFundMe to gather funds to help offset the expenses that the family incurred while Eimear was ill in hospital for the past month, bringing her back home to Spiddal from England now and the funeral expenses they must now face. All donations are hugely welcome, however big or small. All of the money collected will go directly to the family to use for these huge costs and any left over will be donated to a charity of their choice. We feel it would be a burden lifted from their shoulders and it will allow them to focus on grieving for their loss. Thank you for any help you can give.
 
C.L.G. An Spidéal
Donate

Donations 

  • Helena Carton
    • €25 
    • 9 mos
  • Ger Odonnell
    • €10 
    • 1 yr
  • Martina Malone
    • €10 
    • 1 yr
  • Loretta Morley
    • €20 
    • 1 yr
  • Caroline Shanley
    • €20 
    • 2 yrs
Donate

Organizer and beneficiary

CLG An Spidéal
Organizer
County Galway
Brenda Conneely
Beneficiary

Inspired to help? Start a fundraiser for someone you know

Help someone you know by raising funds and getting their support started.

Your easy, powerful, and trusted home for help

  • Easy

    Donate quickly and easily.

  • Powerful

    Send help right to the people and causes you care about.

  • Trusted

    Your donation is protected by the  GoFundMe Giving Guarantee.