Main fundraiser photo

An Cheathrú Rua go Sráid Temple do Molli

Donation protected
Mar chuid den fheachtas Le Chéile do Molli, beidh C.L.G An Cheathrú Rua in éineacht lenar gcairde C.S Macdara ag beartú dúshlán ollmhór a shárú ar son an fheachtais. Bíonn gá do Mholli taisteal go hOspidéal na bPáistí i Sráid Temple go rialta, turas fillte de os cionn 500km. Tá sé beartaithe anseo againn ar an gCeathrú Rua idir an dá chumann an méid seo a rith go leanúnach gan stopadh ar Pháirc an Chathánaigh thar tréimhse 48 uair (ag cloí leis na treoracha scaradh sóisialta). Tosnóidh an dúshlán ag 6.30i.n ar an 29ú Bealtaine agus críochnóidh arís ag 6.30i.n ar an Domhnach an 31ú Bealtaine le cúnamh Dé. Muid ag súil go ndéanfaidh gach reathaí idir 5 agus 6km a rith taobh istigh de leathuair. Ní amháin sin beidh an liathróid ar iompar acu agus á sheoladh ar aghaidh chuig an chéad reathaí eile. Cé go mbeidh baill den dá chumann ag éirí agus ag rith i lár na hoíche, is fiú gach soicind de agus is fiú gach cent a bhaileofar ar son an chailín óg iontach seo agus is léir an meas agus tacaíocht atá ag an bhfeachtas seo tré an méid daoine atá théis a n-ainmneacha a chuir chun cinn cheana féin.
Donate

Donations 

    Donate

    Organizer and beneficiary

    Keith Ó Gairbhín
    Organizer
    Coiste Molli
    Beneficiary

    Your easy, powerful, and trusted home for help

    • Easy

      Donate quickly and easily

    • Powerful

      Send help right to the people and causes you care about

    • Trusted

      Your donation is protected by the GoFundMe Giving Guarantee