![Main fundraiser photo](https://images.gofundme.com/NBQOPNNbj5IsNDJjJCBusnvWGug=/720x405/https://d2g8igdw686xgo.cloudfront.net/48044702_1589368036910092_r.jpeg)
Dúshlán Reathaíochta Laochra Loch Lao
Donation protected
Tabharfaidh Laochra Loch Lao faoi dhúshlán reathaíochta 350km idir an 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh - an fad céanna ó Spórtlann na hÉireann, Béal Feirste go Spórtlann Naomh Ann, Leitir Mór.
Bhí Laochra Loch Lao ag súil le filleadh ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana agus cuairt a thabhairt ar Spórtlann Naomh Anna i Leitir Mór. De bharr Covid 19 ní bheidh an Comórtas Peile ag titim amach i mbliana agus dá bharr chinn foireann na mban go n-eagródh siad tiomsaitheoir airgid don deireadh seachtaine céanna.
Rachaidh an t-airgead a bhailítear fríd an leathanach Go Fund Me i dtreo an Whiterock Children’s Centre. Is eagraíocht phobail í an Whiterock Children’s Centre atá ag tacú le teaghlaigh agus páistí i láthair na huaire.

Organizer
Caoimhe Ní Chathail
Organizer